School: Naomh Eoin, Béal Easa
- Location:
- Foxford, Co. Mayo
- Teacher: Oidí sa Chlochar
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- An Tóchar a tugtar ar an mbóthar a ritheann ó Rinn-Áine go Béal Easa. Tá sé seacht mbliana agus dhá fhicid ó rinne bóthar an Tóchair.
Bhí Bóthar an Doirín déanta ins an Droch Saoghal. Dá scilling sa lá páighe a bhí ag geilleadh do na fir agus scilling san lá do na mná. Bhíodh na mná ag briseadh cloch le casúr agus ní raibh na sean-mhná ábalta siubhail agus caitheadh siad bheith ag briseadh cloch na dheisean. Sul a ndearna an bóthar bhí casán suas tré Fideán acha le na dtabhairt go Béal Easa.
Tuas ar bóthar an Cala tá cairn cloch, áit a chaith na saighdiúirí beirt fhear ann agus nuair a bhíonn daoine ag dul thart caitheann siad cloch ar an cairn agus deireann siad "Beannacht Dé le muinntir na beirt fhear a mharbhuigheadh annseo.- Collector
- Máire Úna Nich Aodha
- Gender
- Female
- Address
- Rinnananny, Co. Mayo
- Informant
- Máire Ní Ruadhain
- Relation
- Grandparent
- Gender
- Female