Scoil: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (uimhir rolla 10165)
- Suíomh:
- Glenties, Co. Donegal
- Múinteoir: An tSr. M. Deuglán
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Seo cleas eile. Pictúir cat a tharraingt ar píosa páipear agus pucóg a chur ar aghaidh duine amháin agus bíonn an duine sin ag iarraidh ruball a chur ar an cat.
Scín a thabhairt leat agus a ghabhail thart trí h-uaire fá cruach choirce agus annsin an scín a chur isteach ann. An duine a tiocfas leis an scín a bhaint amach arís sin an duine a bheas tú pósta leis.
Cuireadh siad ubhall i mbáisín uisge agus bhíodh siad ag iarraidh greim a fhaghail air.
Chrochadh siad ubhall ar píosa de théid agus bhíodh na páistí ag iarraidh greim a fhaghail air.
Rachadh siad amach le sguab-aol agus uisge coiscrithe agus nuair a thifeadh siad an diabhail chaitheadh siad an t-uisge coisrithe, agus nuair a chaitheadh siad é, théidh sé na léar teine.
Gheobhadh siad báisín uisge agus cuireadh siad réul ann, annsin bíodh siad ag iarraidh greim a fhagail air le na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Úna Ní Mhaoláin
- Inscne
- Baineann