Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 59
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gcearc, agus ta siosúir aici. Gearr sí lán bhéil an t-siosúra as mo chirteach agus táinig an chualaith deas sin orm, Rinne sí an rud céadna le mo cheann agus tháinig an ceann deas seo orm”. “Gabh anonn”, arsa an bhainríogain leis, agus abair léithe an an siosúr sin a chuir anall chugamsa, no go ndéanfaidh mé min agus luaith de n-a ceithre cnáma’ Chuaidh sé anonn agus dubhairt sé leis an bhean bocht gur iarr an bainríoghan uirthi an siosúir a chur anall chuici, no go ndeánfadh sí min agus luait de a ceithre cnáma’. “Abair nach bhfághann, mur leigidh sí damhsa luighe ag na fear anocht”, ars’ an bhean bhocht. “Abair go bfuighidh sí sin fhéin sul a mbéidh mise gan an siosuir” ars’ an bainriogan.
Nuair a tháinig an tráthnóna tháinig sí anall ag shuidh sí go faiteach i gclúd na mónadh. Ní rabh sí i bhfád istoig go dtáinig madadh an chúil bháin isteach ag chuaidh sé suas ag n-a shuipéar. Nuair a rinne sé a suipéar thug an bhainrioghan deoch dó a rabh “deora” codlachta ann, agus comh luath agus chuaidh se a luighe thuit sé n-a (shuipéar) cnap codlachta. Cuaidh sise suas, agus chuaidh sé isteach thiar ag n-a [cu]? “Mhadaidh an chúil bháin”, arsa sise, “ar a thréigh me mo athair agus mo mháthair, a dtáinig mé o’n doman uachtarach ‘ún domhain íoctaraigh ‘do dhiaidh, tionntuigh thárt agus labhair focal amháin cainnte liom”.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall