Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 60
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Acht bhí seisean ‘na chodladh agus ní rabh maith duithe a bheith ag cainnt leis. Nuair a tháinig an lá d’éirigh an bhainríoghan agus bhuail sí trí cic uirthí, agus dubhairt, “ghaduidhe salaigh, nach chóir go mbeitheá tuirseach ‘do luighe ag fear mná eile”. Rinne sí réidh agus chuaidh sí anonn ‘toigh cailleach na gcearc. Chuaidh sí amach a d’iasgaireacht leis an chapán agus bhí an teach lán éisg aici nuair a tháinig an gasúr isteach ath-uair. D’innis sé seo do’n bainríoghan. “Abair léithi”, arsa sise, “an capán a chur anall chugamsa, nó go ndeánfaidh mé min agus luaith de n-a cnáma”. Gheobhaidh sí sin fhéin sul a rabh mise gan an capán, ars’ an bhainríoghan
Nuair a tháinig an tráthnóna tháinig sí anall agus shuidh sí go faiteach i gclúd na monadh. Tháinig madadh an chúil bhain isteach, agus chuaidh sé suas ag n-a shuipeár. Thug an bhainríoghan deoch do mar thug an oidhche roimhe ré. Chuaidh se ‘na luighe agus thuit sé ‘na chnap codlata, agus ní thiocfadh a musgladh. Chuaidh sise isteach thiar ag n-a chúl. “Madadh an chúil bháin”, arsa sise, “ar a thréigh mé m’atair agus mo mhathair, a dtáinig mé o’n domhan uachtarach ‘un domhain iochtaraigh ‘do dhiaidh, thionntuigh tart agus labhair focal amáin cainnte liom”. Acht(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall