Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 58
- XML “Seanscéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a léineadh. Níl mise ábalta an ball sin a bhaint amach, agus tá mo ceann le cur ar bhloc anocht”. “Ma thabhrann tú mise treasna na h-abnna”, ar sise bainfidh mé an fhuil amach as an leinidh duit”. “Bhéarfaidh leoga, agus míle fáilte”, ars’ an cailín agus thug. Comh tiugh geár a’s bheir sí ar an leinid d’imthigh a fhuil. “Innis damh anois”, ars’ an cailín, “cé thú fhéin, nó charbh as tú”.
“Tá, (maise) mise bean bhocht”, ar sise agus sin ar’ ubairt sí. “Ó, a bhean bhocht bheag lagach, gabh síos ‘thoig cailleach na gcearc agus béidh mise ag goid síos bidh chugat”. Maith go leor”, arsa an bhean bhocht. Chuaidh sí sios toigh cailleach na gcearc agus d’fiafruigh sí díte an gcoinneochadh sí í cupla oidhche. Dubhairt sise go gcoinneochadh cinnte, agus chongbhuigh. Tháinig gasúr (bra) a bhí ag an bainríoghain - tháinig sé isteach ‘toigh cailleach na gcearc lá amháin, agus bhí sé lán bratóg. Thug an bean bhocht léithi an siosúir agus ghearr si giota amach as a chirteach, agus amach as a chuid gruaige. Tháinig culaith dheas éadaig, agus cloigeann deas gruaige air ‘sa bhomaite. Tháinig sé isteach ag an bhainríogain arais, agus arsa sise, “gaduide salaigh, cá bhfuair tú an culaith dheas eadaig, agus an cloigeann deas gruaige sin atá ort?” “Tá”, arsa seisean, bean bhocht atá thall ‘toigh cailleach na(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Róise Bean Uí Gallchobhair
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Rann na Feirste, Co. Dhún na nGall