Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 20
- XML “Sean-Urnaí”
- XML “Liam an tSoip”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Dílis Dé go rabh tú agam i n-am le h-ola chríosta chur ar m’anam dílis a cheannuigh Íosa ar an chrann. Íosa, Mhuire agus a Iosep go nd’imthigh m’anam in a siocán fríd do lamha beannuighthe. Amen a Íosa.Ceann Eile.
Ceithre coirneáil ar mo leabaidh, ceithre h-aingle go rabh annsin. Dia amuigh agus Dia istuigh, Dia agus Críost go rabh fán teach. Ó a Mhaigdeán Mhuire má fheiceann tú a dhat ag teacht orm cuidigh liom. - Liam a t-Sip.
Bhí sean-lanamhain ann i bhfad ó shoin darbh ainm Liam a’s Máire. Bhí siad iongantach bocht agus ní rabh beo ar bith acú acht ceardcha beag a bhí acú agus bhí Liam na gabha, ach ní rabh sé [faghail]? morán le déanamh ann Lá amháin tháinig fear isteach, culaith [dubh]? agus hata air. Bhí Liam ag cur cruidhteach ar chapall. Thionntuigh sé thart agus dubhairt sé, “Cé seo agam ann”, “Tá an diabhal” arsa fear a hata, Agus tháinig mé a thabhairt cuididh duit má [theidhean]? tú liom-sa i gcionn seacht mbliadhna, agus bheirfidh mé saidhbreas an domhain duit ar feadh na seacht mbliadhna sin”. Druideadh an margadh agus dimthigh an diabhail. Ní rabh an diabhal i bhfad ar shiubhal nuair a nocht aingeal chuige. D’fiafruigh an t-aingeal do cá tuighe a dtug sé é fhéin suas dó’n diabhal. “Tá,” arsa seisean, “Mar bhí mé an bhocht agus shanntuigh mé an saidhbris. “Bhal”, ar seisean, “Ní thig liom a dhath a dheanamh duit(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall