Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 21
- XML “Liam an tSoip”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)anois ach trí athchuinge a thabhairt duit a iarrfaidh tú fhéin”. “Anois tá traen saidhbhreas do ‘aca’n cineál agam agus níl a dhat dé’n t-seort sin a dhith orm, ach iarrfaidh mé mar an cheud cheann, an dhuine a coidhche a shuidheas ins an chathaoir sin nach mbíonn sé abalta éirig as gur mian liom-sa é”. “Anois”, arsa an t-aingeal, “Tá beirt eile agat go fóill agus déan usáid mhait daobhtha”. “An dara ceann a iarrfas mé, an dhuine a choidhche a bheireas ar an casúr sin nach mbíodh sé abalta sgaradh leis gur mían liomsa é”. “Tá ceann eile agat go fóill”, arsa an t-Aingeal. Smaointhigh Liam tamall beag agus annsin tharraing sé amach sparán. “Dhath a choidhche”, arsa seisean, “a rachaidh isteach ins an sparán sin gan é bheith abalta a theacht amach as gur mian liomsa-é”. “Sin deireadh agus tá mise ar shiubhail”, arsa an t-aingeal.
Nuair a d’imthigh an t-aingeal thoisigh Liam a obair arais mar bhí ariamh, bliadhain indhiadh na bliadhna eile nó go rabh na seacht mbliadhna shuas. Nuair a bhí sé gnoitheach lá amháin agus é ag cur cruidhteach ar (bheatach) chapall de fear na comharsan cé seo isteach acht an diabhail arais. “Bhal, Bhal”, arsa Liam, Tá tú agam indiu arais”, “Tá”, arsa an diabhail, “bhfuil tú reidh le bheith liom an iarraidh seo”. “Fán tamall beag”, arsa Liam, “go dtí go mbeidh mé (leat) réidh agus béidh mé leat annsin. Thig leat suidhe annsin go mbéidh mé leat ar an bhomaite”. Shuidh an diabhal síos ins an chathaoir agus thoisigh Liam a dheanamh deifre. Annsin chuir an diabhail síos a dhá lamh le h-éirghe agus ghreamnuigh sé dé’n chathaoir. Annsin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall