Scoil: Árd Cróna
- Suíomh:
- Anagaire, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Éamonn Mac Suibhne
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 22](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_1057%2FCBES_1057_22.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 1057, Leathanach 22
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Árd Cróna
- XML Leathanach 22
- XML “Liam an tSoip”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)thug Liam a chos dé’n chathaoir agus leag sé síos i dtaobh an ceardcha é. “Má leigeann tú ar shiubhail anois mé bheirfidh mé seacht mbliadhna a chuaidh thart”, arsa an diabhal, “Ach caitfidh tusa bheith liom i gcionn na seacht mbliadhna sin” Annsin leig Liam ar shiubhail é. De réir mar bhí na bliadhna ag dul thart bhí traen airgid ag Liam go dtí go rabh na seacht mbliadhna shuas. Annsin lá amháin isteach leis an diabhail arais bhí Liam ag deanamh slat phota de bhean mhuinnteardha. Leig Liam air fhéin nach bhfaca sé é, annsin tháinig an diabhal aníos fhad le Liam, “bhfuil tú réidh le bheith liom an iarraidh seo”, arsa seisean. “Tabhair domh cúig bhomaite”, arsa Liam, “Agus béidh mé leat annsin, seo slat phota atá mé ag déanamh de bhean mhuinnteardha agus ba mhaith liom a fhágail déanta”. “Bal déan deifre arsa seisean nó níl morán ama againn anois. “Suidh síos agus déan do sgitse go mbéid mise réidh”, arsa Liam. “Ó ní bheirfidh tú orm go bog an uair seo”, arsa seisean, Agus bheir tú orm an uair dheireannach. Níl mé dhul a shuidhe”. “Beir ar an chasúr seo agus buail buille ar an iarann seo”, arsa Liam. Bheir an diabhail ar an chasúr agus thoisigh sé a bhuaileadh an iarainn. Nuair a bhí sé a bhuaileadh tamall thóg Liam suas an t-iarrann dearg agus bhuail sé ins an agaidh é, thug sé iarraidh an casúr a chathadh ar shiubhal le na féin a shabhail ach ní rabh (gar) sé abalta, ghreamnuigh a dhá lamh dé’n casúr. Annsin chuir sé faoi na dhá chois é le na féin a réidteach agus ghreamnuigh a dhá chois de, annsin thoisigh Liam air, leis an iarann dhearg. “Bhal”, arsa seisean, “Tá mé buailte(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ruiseail
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Caitlín Bean Mhic Aodha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Cnoc an Chaocháin, Co. Dhún na nGall