School: Béal Feirsde / Belfarsad (roll number 16374)
- Location:
- Béal Feirste, Co. Mhaigh Eo
- Teacher: Prionnsias S. Ó Gallachobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Béal Feirsde / Belfarsad
- XML Page 08_026
- XML “Seaniarsmaí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an faithne air agus caithfidh an duine sin comhartha na croise a dhéanamh os cionn an faithne leis an uisge agus imtheochaidh an faithne de'n duine i gcúpla lá nó mar sin.
Tá cloch i mBéal Feirsde ar a dtugtar an cloch ruadh air. Leach mór is eadh é agus tá poll mhór ina lár. Tá an leach sgoilte ina dhá leith anois. Chuala mé na seandaoine ag rádh go raibh uisge dubh ins an pollsin uair amháin agus gurbh leigheas é ar bonn bollaibh é. Tá cloch i Máigh Mhuilinn ar thaobh an chnuic agus tá piochtúr cruadh capall gearrtha amach ina lár. Deireann cuid de na sean daoine gur b'é sin lorg capall a bhí ag Naomh Pádraig agus go raibh sé ag dul go dtí(continues on next page)- Collector
- Áine Ní Ghallacobhair
- Gender
- Female