Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)

Suíomh:
Na Forbacha, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
(ní thugtar ainm)
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 14_006

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070C, Leathanach 14_006

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
  2. XML Leathanach 14_006
  3. XML “Rann na Tobac”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nuair a eireochas tú ar maidin ná fan le do choirsicean a dheanamh
    Acht teirigh ag an teallach agus cart an griosach.
    Teirigh ag an t-airseach agus fliuch an t-aoileach
    Tabhair leat do sgian mór fada go mbeidh trí orlaigh loisig ina sáil agus trí orlaigh cruaiche na bárr
    Tabhair leat an blocán donn daruighe agus gearr naoi bpiopa dhó
    Gan orlach gan easba act an number díreach. Gearr é agus ná ró gearr é acht comh gearr e. Spíon é agus ná ró spíon e acht chomh spíon é. Líon e agus ná ró líon acht comh líon é. Dearg é agus ná ró dhearg e acht comh dhearg é. Tarraing é agus ná ró tarraing.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirtín Ó hIarnáin
    Inscne
    Fireann
    Faisnéiseoir
    Peadar Mac Ceartúir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    53
    Seoladh
    Na Foraí Maola Thoir, Co. na Gaillimhe