Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 280

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 280

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 280
  3. XML “Cath Callan”
  4. XML “Ceist”
  5. XML “Sileachíní”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí cath mór thiar in aice Ínse Mór fadó idir na Gaedhil agus na Gearaltaigh. Marbhuigeadh triúr mac an rígh agus tá gortín na maca rígh mar ainm ar an áit ó shoin. Chuireadh iad in áit ar a nglaodhtar Cill bun abha. Marbhuigheadh mórán capaill ann agus tá "Inse na n-each" mar ainm ar an áit ó shoin i leith.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
  2. Tá sileachaíní mar ainm ar baile fearainn anso. Áit iseadh é go raibh mórán saileach agus beithe ag fás ann. Bhí naonbhar fear 'na gcómhnaithe ann agus tig fé leith ag gach duine aca, agus bhídís ag déanamh barraillí de'n adhmad. Ní fhéadfadh aon fhear aca tig an duine eile a fheiscint ó na tig féin tríd an saileach agus an beithe. As an obair sin a tháinig an ainm ar an áit. Do leag na Sasanaig an t-adhmad go léir ansan agus bhídís ag déanamh "charcoal" ann. Bhí tig tabhairne ann an uair sin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge