Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 276

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 276

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 276
  3. XML “Seanchas i dtaobh Pósaíocha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1) Fadó nuair a bheadh cailín in aois a phósta, do dheineadh sí féin agus a máthair suas caidhp bhreágh ribíní. A n céad Domhnach de'n Inid nuair a bheidís ag dul go dtí an t-Aifreann, do bheadh an cailín ag siubhal amach roimis an máthair agus bhíodh an máthair ag siubhal na diaidh aniar agus 'sé an rud a bhíodh aici 'á rádh ná "Aibidh! aibidh! aibidh!"
    Muna bpósfadh sí an Inid sin do beadh caidhp abhfad níos breághtha uirthi an turas so. An céad Domhnach de'n Inid nuair a bheidís ag dul go dtí an t-aifreann do bhíodh an cailín ag siubhal amach ar dtúis agus an máthair 'na diaidh aniar agus 'sé rud a bhíodh ag an máthair ghá rádh an turas so ná, "Lobhtha aibidh! lobhtha aibidh! lobhtha aibidh!
    Mua bpósfadh sí an Inid seo do bhíodh cadhp ana bhreágh go léir uirthi an céad Inid eile. An céad Domhnach de'n Inid mar ba ghnáth do chuireadh sí an caidhp uime agus bhíodh sí ag siubhal roimis a mathair amach agus 'sé rud a bhíodh ag an máthair 'á rádh an turas so ná "Seana lobhtha aibidh! seana lobhtha aibidh! seana lobhtha aibidh! agus ní phósfadh aoinne í an turas so mar déarfaidís leo féin nuair nar phós aoinne í an dhá bhliain roimis sin gur cóir nó go raibh rud éigin éágsamlach uirthi agus ní phósfadh aoinne í.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. seanchas aimsire (~6,442)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann