Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 270

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 270

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 270
  3. XML “Tomhaiseanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. 1.
    Bhí triúr driothár ag siubhal an bhóthar lá agus bhíodar ag gabháil thar chlochar agus dubhairt duine aca "Caithfidh mé dul suas anso chun cailín d'fheisgint mar is mé h-uncail" "Caithfidh mé dul suas annso leis chun an cailín céadna d'fheisgint mar is mé a h-uncail leis" arsa'n tarna duine.
    "Begor raghad-sa suas anso leis chun í a fheisgint cé nách mé a h-uncail in-aon-chor." arsan trímhadh duine. Cadé an gaol abhí aige léi?
    Freagra:-
    B'é a h-athair féin é.
    2.
    Driotháracha agus driofúracha ní'lid agam ach athair an fhir sin b'é mac m'athar-sa é. Cunus san?
    Freagra:- Bhí an athair ag féachaint ar phictiúr a mhic.
    3.
    Chonnac preachán ag eitilt is cat 'na shuidhe ar a eirbeall Conus san.?
    Freagara:- Bhí an préachán ag eithilt agus bhí an cat 'na shuidhe ar a eirbeall féin ach nuair a déarfá é cheapfadh aoinne gurab' amhlaidh abhí an cat 'na shuidhe ar eirbeall an phreácháin.
    4.
    Much ag tóghach agus uibhe ag beirbhiughadh. Conus
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. tomhaiseanna (~7,209)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Cuill
    Inscne
    Fireann
    Aois
    65
    Gairmeacha beatha
    Feirmeoir
    Saor (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Na Millíní, Co. Chorcaí