Scoil: Carraig an Chabhaltaigh

Suíomh:
Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Múinteoir:
Tomás Mac Craith
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 009

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0633, Leathanach 009

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Leathanach 009
  3. XML “Ceithearnach an Chaoithrinn”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    lón d'fhágáilreidh. Dubhairt an Ceithearnach leis nar chall dosan mar go raibh cóir bhídh aige féin dóibh. Chuaidh sé agus an Ceithearnach isteach annsan sa chúirt agus do rug leis amach an t-éadach cláir dá rug leis ón Sluaigh Sidhe. Do leath ar an mbán é agus lom táithreach do tháiring air gach uile shaghas bídh agus dighe dar theastuig uathu. Pé súil-fhéacint dá dtug duine des na fearaibh isteach sa cúirt chonnaic sé iníon an ríogh istigh ann agus d'innis dhá h-athair go raibh sí ann.Chuaidar isteach sa chúirt, annsan agus cuaidh iníon an ríogh ar a dá glúin ag cuir na mílte fáilte roimh a h-athair. Dubhairt an rí annsan leis an Ceithearnach teacht abhaile leis féin agus do dtabharfadh sé leath a ríoghachta dhó agus a ríoghacht go léir tar éis a bháis. Dubhairt an Ceithearnach leis ná raghadh. Annsan do pósadh an Ceithearnach le h'iníon a'riogh agus bhí bainis mór aca, catheanh is ól go fairsing go ceann coicís. D'fhan an rí agus a mhuinter i bhfeidil na h-áite annsan go cionn coicís, Tar éis suim bliadhanta annsan bhí cath dá bualadh istigh in Innis Catha agus an Ceithearnach sa cath agus do marbhuigh sé gach aon fhear de'n noimeid dá raibh san oileán ach aon fear amháin a chudh fáin bhfeannaigh. Do bhí an Ceithearnach a thabhairt a chuid fola annsan nuair a d'éirigh an fear aníos ón bhfeannaigh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Loingsig
    Inscne
    Fireann
    Aois
    70
    Seoladh
    Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir