Scoil: Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Mac Craith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)agus thug fá'n gCeithearnach chun a cheann a bhaint de. Dubhairt an Ceithearnach leis gan san a dhéanamh nó go dtabharfadh sé trí braoin d'en usisce cuige. "Níl aon árthach agam do" adúbhairt sé. "Tabhair leat sa hata é" adubahirt an Ceithearnach. chuaidh sé dá iarraidh an uisce annsan agus scaoil sé síos tríd an h-ata é ar a thech tar n-ais. "Tabhair leat soir do dhá bhais é" adubhairt an Ceithearnach. Chuiadh sé dá iarraidh annsan an tarna h-uair agus scaoil sé síos saor a mheireacha é ar a theacht tar nais. thug sé dó le h-ól pé braon de'n usice d'fhan aige agus bhain an ceannannsan de. Cuaidh Mac Agairt na Feannigheala isteach ar a gceapaig annsan agus claidheamhan Ceithearnaig aige, Bhí Mac an Cearthnaigh ar a gceapaig roimhe agus d'aithin sé claidheamhan a athair. Bhain sé de MacAgairt na Feannigheala é agus do léigh air gur b'é a athair do mharbuigh gach aon fhear den namhaid do raibh san oiléan ach MacAgairt na Feannigheala agus b'é sin an fear marbhuigh é féin mar do scrí an ar a gclaideamh é. Bain Mac Cearainig a ceann de Mac Agaiirt na Feannigheala annsan.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir