Scoil: Carraig an Chabhaltaigh
- Suíomh:
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Tomás Mac Craith
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Lá da laetheanntaoibh dá raibh Fionn Mac Cumhail a siubhal i gCiarruighe siar-teas do casadh cailleach draoidheactha air. Do beannuigheadar ar aon dá chéile."An imreochtha cluiche a Fhionn ar si" "Imróchar" arsa Fionn, "Nior chuir mé suas don spóirt riamh". Do shuideadar sios agus chuigheadar ar imirt agus do bhuaidh an cailleach an ceád cluiche. "Tabhair do breith a chailligh" arsa Fionn. "Ni beag dhuit a luaite" ar sí. "Cuirimse mar gheasa droma droideachta ort" ar sí gan an tarna beile bidh dithe ar aon mbórd ná an tarna oidhche codlaidh in n-son leabaidh, ná an tarna deoc -dighe d'ól as aon cupán nó go dtabharfaidh tú chugam-sa ceann den mhic a déirig ón domhain toir" "Tá go dian" arsa Fionn. D'imrigeadar cluiche eile agus do bhuaidh Fionn é. "Tabhair do bhreith a Fhinn" arsan cailleach draoidheachta. "Ni bheag duit a luaithe " arsa Fionn. "Cuirimse mar gheasa droma draoidheachta ort dul in áirde ar bheinn a teampuil sin thuas agus punann coirce cur ar an mbeinn eile dhe, is snáthad cámraice chur soir in agus an punann coirce, is gan aon giob bidh a bhlaiseadh ach a meid coirce thabhairfidh an gaoth chugat ar a bpunann trí cró na snáthaide nó go dtagadh mise tar n-ais ón doman toir". "Ta go dian ars an caileach draoidheachta "maith dhom a Fhinn is mithfidh mé duit". Ní mhaithfead" arsa Fionn, "fuilingeadh gac aoinne(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Loingsig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir