School: Carraig an Chabhaltaigh

Location:
Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir
Teacher:
Tomás Mac Craith
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 007

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0633, Page 007

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Carraig an Chabhaltaigh
  2. XML Page 007
  3. XML “Ceithearnach an Chaoithrinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ceithearnach an Chaoithrinn
    (The bandit of Querrin)
    .............................................
    Do bhí ceithearnach ina gcónaí i gCaoithrinn fadó agus tugadh Ceithearnach a' Caoithrinn air. Lá dár bhuail Ceithearnach amach ar fuaid a rioghachta thug sé a aghaidh ar Lios na Falainge, bhí an Sluagh Sidhe ann roimhe agus iad ag seinm ceoil. Dhéaluig an Ceithearnach isteach agus do rug leis iníon riogh Sliogadh agus d'imigh sí in éineacht leis abhaile. Ní labhair sí aon fhocal cainnte leis go cionn bliadhna. Annsan, do cuiridh an Ceithearnach fá dhéin Lios na Falainge aríst. Bhí an Sluaish Sidhe ann roimhe agus iad ag seinm ceoil is ag innsint scéalta dá chéile. "Bliadhain sa lá insnniu" arsa duine aca, "seadh do rug Ceithearnach a'Caoithrinn iníon ríogh Sliogadh uainn". "Cad é an maith dhó" arsa duine eile aca, "ar ná bhfuil aon fhocal cainnte aici dó". "Is fuirist é sin a leigheas" arsa duine eile aca, "mar dá n-ólfadh sise trí braona as a gcorn dighe seo againne do bheadh a cainnt aici comh maith is do bhí aon lá riamh".
    Dhéaluig an Ceithearnach isteach agus do sciob leis an t-éadach cláir sa raibh ann, agus do rug leis abhaile é, agus thug trí braoin as a gcorn dighe le h-ól d'iníon ríogh Sliogadh. Ní túisce bhí ólta aici ná go raibh a cainnt aici chomh maith is do bhí aon lá riamh agus d'innis d'ón Ceithearnach tríd síos cionnus mar a thárlaidh di; cionnus mar do rug an Sluaigh Sidhe leo í agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0564: The Magic Providing Purse and “Out, Boy, out of the Sack!”
    AT0990*: A Merchant's Son Finds the Princess Wounded in a Coffin
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Loingsig
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Carraig an Chabhaltaigh, Co. an Chláir