School: Carraig an Chabhaltaigh
- Location:
- Carrigaholt, Co. Clare
- Teacher: Tomás Mac Craith
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)lón d'fhágáilreidh. Dubhairt an Ceithearnach leis nar chall dosan mar go raibh cóir bhídh aige féin dóibh. Chuaidh sé agus an Ceithearnach isteach annsan sa chúirt agus do rug leis amach an t-éadach cláir dá rug leis ón Sluaigh Sidhe. Do leath ar an mbán é agus lom táithreach do tháiring air gach uile shaghas bídh agus dighe dar theastuig uathu. Pé súil-fhéacint dá dtug duine des na fearaibh isteach sa cúirt chonnaic sé iníon an ríogh istigh ann agus d'innis dhá h-athair go raibh sí ann.Chuaidar isteach sa chúirt, annsan agus cuaidh iníon an ríogh ar a dá glúin ag cuir na mílte fáilte roimh a h-athair. Dubhairt an rí annsan leis an Ceithearnach teacht abhaile leis féin agus do dtabharfadh sé leath a ríoghachta dhó agus a ríoghacht go léir tar éis a bháis. Dubhairt an Ceithearnach leis ná raghadh. Annsan do pósadh an Ceithearnach le h'iníon a'riogh agus bhí bainis mór aca, catheanh is ól go fairsing go ceann coicís. D'fhan an rí agus a mhuinter i bhfeidil na h-áite annsan go cionn coicís, Tar éis suim bliadhanta annsan bhí cath dá bualadh istigh in Innis Catha agus an Ceithearnach sa cath agus do marbhuigh sé gach aon fhear de'n noimeid dá raibh san oileán ach aon fear amháin a chudh fáin bhfeannaigh. Do bhí an Ceithearnach a thabhairt a chuid fola annsan nuair a d'éirigh an fear aníos ón bhfeannaigh(continues on next page)
- Informant
- Seán Ó Loingsig
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Carrigaholt, Co. Clare