Scoil: Scattery Island
- Suíomh:
- Inis Cathaigh, Co. an Chláir
- Múinteoir: Nóra Ní Cholgáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scattery Island
- XML Leathanach 086
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)san bhí feirmeoír ar an gcé agus trucaill móna aige. Do rug scannradh ar an asal a bhí gabhtha féin dtrucaill agus ghluais sé i ndiaidh a chúil. Bhí mo mháthair ann an uair sin agus deireann sí go raibh an trucall agus cosa deiridh an asail thar bhruach an ché nuair a thug "Big Mick" an tubaist fé ndear. Rug sé ar chluasa ar an asal agus le tarraingt mór amháin d'éirigh leis an t-asal agus an trucall do thabhairt slán ar an dtalamh tirim.Fir Mhaithe SiubhailFir mhaithe siubhail a bheadh na sean-philótaí go léir nach mór. Uáir amháin do shiubhail Senán Ó Scannláin ó chathair Luimnighe go Ceann Léime in aon lá amháin.(leanann ar an chéad leathanach eile)