Scoil: An Corrbhaile

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Mac Coitir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 316

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 316

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Corrbhaile
  2. XML Leathanach 316
  3. XML “An Corrbhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    an ainm sin air mar tá cor mór ar an mbóthar Chill Chaoidhe go Corr-bhaile. Iascaireacht is mó a dheineann siad ann. Iascairí is mó abhí ann fadó agus bhí breis is dacad naomhóg ann nuair abhí an bainrioghan Victoria í réim i Sasana. Áit mhór iascaireachta dob eadh é go mór mhór an fhairrge fé bhun Caisleáin an Bheal' Doird.(?)
    Tá tobar beannuighthe ann ar a tugtar tobar Bhreandáin. Deirtear gur tháinig Naomh Breándán i dtír ann ag lorg fear le h-aghaidh seoltóirechta agus deirtear go ndeaghaidh deicneabhar fear in éineacht leis.
    Rugadh agus tógadh i gCorr-bhaile mé agus is ann a rughad mo mhuinntir. Do bhí cuid mhaith daoine i gCorr-bhaile fadó ach táid go léir imthighthe anois.
    Beannacht Dé Dhílis len a n-anamnacha. Daoine ana- chrúa
    cneasta dob eadh iad san agus ní dheanfaidís aon díoghbháil ná dochair don na daine mór thímceall ortha mar a dheineann na daoine atá ann anois.
    Na daoine atá ann anois nílid ábalta faich a dheanamh mar táid ró-leisceamhail. Tá cuid beag iascairí i gCorr-Bhaile anois agus biónn siad ag iascaireacht le líontasa bhFoghmhar
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Eochaidhe
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Corrbhaile, Co. an Chláir