School: An Corrbhaile
- Location:
- Corbally, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Mac Coitir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Corrbhaile
- XML Page 316
- XML “An Corrbhaile”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an ainm sin air mar tá cor mór ar an mbóthar Chill Chaoidhe go Corr-bhaile. Iascaireacht is mó a dheineann siad ann. Iascairí is mó abhí ann fadó agus bhí breis is dacad naomhóg ann nuair abhí an bainrioghan Victoria í réim i Sasana. Áit mhór iascaireachta dob eadh é go mór mhór an fhairrge fé bhun Caisleáin an Bheal' Doird.(?)
Tá tobar beannuighthe ann ar a tugtar tobar Bhreandáin. Deirtear gur tháinig Naomh Breándán i dtír ann ag lorg fear le h-aghaidh seoltóirechta agus deirtear go ndeaghaidh deicneabhar fear in éineacht leis.
Rugadh agus tógadh i gCorr-bhaile mé agus is ann a rughad mo mhuinntir. Do bhí cuid mhaith daoine i gCorr-bhaile fadó ach táid go léir imthighthe anois.
Beannacht Dé Dhílis len a n-anamnacha. Daoine ana- chrúa
cneasta dob eadh iad san agus ní dheanfaidís aon díoghbháil ná dochair don na daine mór thímceall ortha mar a dheineann na daoine atá ann anois.
Na daoine atá ann anois nílid ábalta faich a dheanamh mar táid ró-leisceamhail. Tá cuid beag iascairí i gCorr-Bhaile anois agus biónn siad ag iascaireacht le líontasa bhFoghmhar- Informant
- Máire Ní Eochaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Corbally, Co. Clare