School: An Corrbhaile
- Location:
- Corbally, Co. Clare
- Teacher: Máirtín Mac Coitir
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)i dtír ar an gcarraig seo.(70) CEANN DÚN MHÓIR:Sé seo cinn-tíre atá níos sia amach sa bhfairrge ná aon cheann eile.
(71) BEANNCHOR FODH-DEIRE:Nuair a tháinig Crochán, Sáil agus Daithlionn go Ceann Léime do thógadar a gcaisleán treasna muineíl na leith-innse agus ní raibh cead ag aoine dul níos sia amach ná na caisleáin seo. Áit an-gharbh seadh é.
(72) BAILE UA h-ÓRÁÍN: (?)Bhí treabh annso de mhuinntir Oraín. Ba leo an aít seo.
(73) DUNACH BUIDHE:Talamh bocht atá san aít seo ar a bhfásann aiteann agus fraoch. Tá dath buidhe ar an gcré leis.
(74) CORR-BHAILETá cor ar an mbothar o Chill Chaoidhe agus idir an dá chor tá baile beag suidthe ar a tugtar Corr-bhaile. Deirtear go dtáinig Naomh Breandaín istea ann uair amhaín ag lorg fear le h-aghaidh Seóltóireachta. Tá tobar beannuighthe ann freisin ar a tugtar Tobar Bhreandaín. - 16.11.1937 Máire Ní EochaidheTá Corr-bhaile suidhe cois na fairrge Móire ar iomall-bhord iarthar an Chláir. Sé an fáth go tugtar(continues on next page)
- Informant
- Máire Ní Eochaidhe
- Gender
- Female
- Address
- Corbally, Co. Clare