Scoil: An Corrbhaile

Suíomh:
An Corrbhaile, Co. an Chláir
Múinteoir:
Máirtín Mac Coitir
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 315

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0627, Leathanach 315

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Corrbhaile
  2. XML Leathanach 315
  3. XML “Áitainmneacha - Paróiste Chill Ard”
  4. XML “An Corrbhaile”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    i dtír ar an gcarraig seo.
    (70) CEANN DÚN MHÓIR:
    Sé seo cinn-tíre atá níos sia amach sa bhfairrge ná aon cheann eile.

    (71) BEANNCHOR FODH-DEIRE:
    Nuair a tháinig Crochán, Sáil agus Daithlionn go Ceann Léime do thógadar a gcaisleán treasna muineíl na leith-innse agus ní raibh cead ag aoine dul níos sia amach ná na caisleáin seo. Áit an-gharbh seadh é.

    (72) BAILE UA h-ÓRÁÍN: (?)
    Bhí treabh annso de mhuinntir Oraín. Ba leo an aít seo.

    (73) DUNACH BUIDHE:
    Talamh bocht atá san aít seo ar a bhfásann aiteann agus fraoch. Tá dath buidhe ar an gcré leis.

    (74) CORR-BHAILE
    Tá cor ar an mbothar o Chill Chaoidhe agus idir an dá chor tá baile beag suidthe ar a tugtar Corr-bhaile. Deirtear go dtáinig Naomh Breandaín istea ann uair amhaín ag lorg fear le h-aghaidh Seóltóireachta. Tá tobar beannuighthe ann freisin ar a tugtar Tobar Bhreandaín.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.