Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An sgéal so agus an t-eolas mar aon fachta ón sgéaluidhe réamh-luaidhte.
An Séipéal atá sa Darmháigh foirgneamh breágh d'aolchloich ghreanta é. Tá sé céad bliadhain d'aois. An t-Athair Ó Reachtarbhaigh ba bhun le na thógáil. Níor thaithnigh a fheic leis an Lord agus líonadh a chroidhe d'fhuaith agus d'fheirg gach uair leagadh sé rosg air.Níor thaise dá mhnaoi. Ba mheasa léithi é na trí bhior ghacthe an bháis. Minic ghlaodhadh sí in árd a cinn agus a gutha ar a fear "Get down there and plant trees around that infernal meeting-house for I can't bear the sight of it."Agus planndáladh crainn uime d'fhonn a cheilte ó na ndearcaibh ach do b'aoirde an chill ná an choill. Mar an gcéadna le tobar Colm Cille. Tá sé sin suidhte istigh in a ollfhearann. Tharcuisnightí é le caitheamh cloch isteach ann ag iarraidh a iadhta ar fad. Ach eirigheadh an t-uisge in áirde in a seomraí féin agus ó b'fusa d'fhulaing le fosgailt an tobair ná sgéitheadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Pádraig Ó Muineog
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 87
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Darú, Co. Uíbh Fhailí