School: Durrow

Location:
Durrow Demesne, Co. Offaly
Teacher:
P. Ó Coinín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0804, Page 155

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0804, Page 155

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Durrow
  2. XML Page 155
  3. XML “Fána an Tiarna (The Lord's Hill) agus Fáth a Gharma”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An sgéal so agus an t-eolas mar aon fachta ón sgéaluidhe réamh-luaidhte.

    An Séipéal atá sa Darmháigh foirgneamh breágh d'aolchloich ghreanta é. Tá sé céad bliadhain d'aois. An t-Athair Ó Reachtarbhaigh ba bhun le na thógáil. Níor thaithnigh a fheic leis an Lord agus líonadh a chroidhe d'fhuaith agus d'fheirg gach uair leagadh sé rosg air.
    Níor thaise dá mhnaoi. Ba mheasa léithi é na trí bhior ghacthe an bháis. Minic ghlaodhadh sí in árd a cinn agus a gutha ar a fear
    "Get down there and plant trees around that infernal meeting-house for I can't bear the sight of it."
    Agus planndáladh crainn uime d'fhonn a cheilte ó na ndearcaibh ach do b'aoirde an chill ná an choill. Mar an gcéadna le tobar Colm Cille. Tá sé sin suidhte istigh in a ollfhearann. Tharcuisnightí é le caitheamh cloch isteach ann ag iarraidh a iadhta ar fad. Ach eirigheadh an t-uisge in áirde in a seomraí féin agus ó b'fusa d'fhulaing le fosgailt an tobair ná sgéitheadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English
    Informant
    Pádraig Ó Muineog
    Gender
    Male
    Age
    87
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Durrow Demesne, Co. Offaly