Scoil: Durrow

Suíomh:
Darú, Co. Uíbh Fhailí
Múinteoir:
P. Ó Coinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0804, Leathanach 204

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0804, Leathanach 204

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Durrow
  2. XML Leathanach 204
  3. XML “Crann Bealtaine”
  4. XML “Ír agus Éiremhon”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Nós é seo sa cheanntar cé go bhfuil sé ar an mó díobhaidhe. Bhí soth(?) cheann ann inbliadhna. Is amhlaidh gearrtar sgeach roimh ré agus bailightear bláthanna. Maisightear an sgeach leo. Cnuasuightear plaosga na nuibheacha a hitheadh maidin Domhnach na Cásga. Is gnáth na plaosga úd do bheith curtha ar leath thaoibh agus le teacht na Féile crochtar iad ar an sgeich.
    Deintear damhas timpeall na sgeiche. Tá le tuisgint, measaim, airdheana an fhíor-chreidimh agus na draoidheachta le feisgint sa nós úd. Dar ndóigh, maisiughadh(?) an duis(?) le plaosga uibheacha a hídigheadh Domhnach na Cásga - sin nós Críostaidhe.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
        1. Bealtaine (~639)
    Teanga
    Gaeilge
  2. An bheirt flatha míleadh iad seo. Chualas gurab í an talamh idir rianbhóthar Cille Daingin agus Árdán suidheam troda eatortha. Dhein lucht seandáluigheachta cuid den talamh san do thaighdeadh cúpla bliadhain ó shoin agus fuarthas cnámha ann.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.