Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Durrow
- XML Leathanach 199
- XML “Office Men - Fir Ráite Paidreacha”
- XML “Coshering”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)eirigheadh as mar bhéás.
- Ba chuimhin leis an duine seo an nós seo do bheith ar mharthain taobh amuigh de Chill Bheagáin i dtreo Muileann Ceair. Nós é seo amhail an chaointe i gConamara. An uair a bítí ag iomchar an mharibh gus an roilig nógus an chill cromtaí ar ghol géár ologónach ages na mnáibh. "Coshering" a thug sé air mar bhéás agus is áit a cheangail le béas nó le h-ócáid go bhfuil brón agus bás ag baint leis. Coísire = duine a caitheann tamall le fleadhchas lánamhain do réir sgéalta Uí Mhuineog ba shia mar mhair sean nósanna Gaedheal timpeall Castletown Mig Eochagáin agus as san siar ó thuaidh ná mar mhaireadar sa Darmháigh nó um an Tulaigh Mhóir.B fhuath le sochraidigh an marbh d'iomchar i gcarr tráth a óige. Is cuimhin leis bean óg do bheith dá cur. Chaith sí a saoghal i bparóiste Ratháin acht ó ba pharóisteach Cille Bheagáin í bhítheas á tabhairt go dtí roilig a sinsire.Turas ocht míle é ó'n Rathán go dtí Cill(leanann ar an chéad leathanach eile)