Scoil: Durrow
- Suíomh:
- Darú, Co. Uíbh Fhailí
- Múinteoir: P. Ó Coinín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sa Darmháigh, amhail gach áite eile, dífhreamhuigheadh raidhse crann sa timpeall. Nochtuigheadh - sna áiteannaibh in ollfhearann Lord Norberry - cloigne agus cnámha daonna. Arsa fear liom - ag tagairt d-omadh (?) na gcnamh agus na gcloigeann - ar seisean "Dá mbeiththeá ag cur inill ar ineall gheobhfá easna fir in aon ait sa "Demesne" chun é d'aingnuighadh sa talamh. Deir sé go raibh troid ann uair amháin (Muinntear Mhic Eochagáin agus Muinntear Uí Mhaolmhuaidh)Seo mar thárla. D'ionnsuigh na Mic Eochagáin fearann Uí Mhaolmhuaidh agus sgiobadar leo táin bó.Chuaidh muinntear Uí Mhaolmhuaidh ar a dtóir agus d'eirigh leo a gcuid do thiomaint abhaile. Chuaidh muinntear Mig Eochagáin in a ndiaidh agus ránuig an dá dhream le céile sa Darmháigh. Go mba de shin fáth iomad na gcloigeann(leanann ar an chéad leathanach eile)