Sean Cheoltóir. Ba é Gearóid De Barra an píobaire ba chailiúla agus ba dheireanaighe a bhí ar fuad na háite seo.Dall do b'eadh é ó rugadh é agus feirmeóir a garrdha na Sailleóg i bparóiste na hInighe do beadh a athair.Sár cheoltóir agus amhránaí a bhí ann agus ba dheacair a rádh céa aca an píobaireacht nó an amhránaíocht an ealadha is fearr a bhí aige.Píobáí uilleann a bhíodh aige agus ba bhreágh le óg agus aosta a bheith ag eisteacht leis a gabháil na sean phiopaí mar "an lon dubh" "an bata buidhe" an Cuilfhionn," "Triúr Captaen" "an Seilg "na Gé sa phortach " "an Teitheadh " agus rl.Bhí aithint air i ngach áit in Iarthar an Chlair agus bhí gaol aige le cuid mhaith des na daoine i dtreo go mbíodh rinncí aige annso agus annsud.i dtighthe na bhfeirmeóirí ó sheachtain go seachtain agus do gheibheadh sé an chuid airgead ó cheann ceann na blíana .Ag gach rinnce do bhíodh pláta leagaithe ar bhórd nó ar chaothaoir ag an doras agus do dhíoladh gach uile dhuine a thagadh isteach,pinginno raol.Is minic do bhíodh ós chionn ceithre púnt bailighthe ag aon rínnce amháin.Dá gcoimeádadh Gearóid bocht leatha an mhéid a thuill se do bheadh se saibhir go leór i ndeire a shaoil ,acht farior ! ní raibh aon bhfann aige ar airgead agus bhí duilaige sa'n ól agus de deascaibh sin do chaith sé deire a laetha i dtig na mbocht in Innisdíomáinait in a bhfuair sé bás in aois a 70 sa bhliain 1910.
Is ó Liam (bán O Coitir ó Chluainanaha i bparóiste na hInighe a fuarathas an tuairisc seo agus bhí ceoil Ghearóid ar fad a Liam go bhfuair sé bás fiche bliain ó shoin
Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha. Stair |
Athraigh »