Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair (uimhir rolla 4951)

Suíomh:
Maigh Mhór, Co. an Chláir
Múinteoir:
Risteárd Mac Risteáird
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 073

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0622, Leathanach 073

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Mágh, Leacht Uí Chonchobhair
  2. XML Leathanach 073
  3. XML “Seancheoltóir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean Cheoltóir.
    Ba é Gearóid De Barra an píobaire ba chailiúla agus ba dheireanaighe a bhí ar fuad na háite seo.Dall do b'eadh é ó rugadh é agus feirmeóir a garrdha na Sailleóg i bparóiste na hInighe do beadh a athair.Sár cheoltóir agus amhránaí a bhí ann agus ba dheacair a rádh céa aca an píobaireacht nó an amhránaíocht an ealadha is fearr a bhí aige.Píobáí uilleann a bhíodh aige agus ba bhreágh le óg agus aosta a bheith ag eisteacht leis a gabháil na sean phiopaí mar "an lon dubh" "an bata buidhe" an Cuilfhionn," "Triúr Captaen" "an Seilg "na Gé sa phortach " "an Teitheadh " agus rl.Bhí aithint air i ngach áit in Iarthar an Chlair agus bhí gaol aige le cuid mhaith des na daoine i dtreo go mbíodh rinncí aige annso agus annsud.i dtighthe na bhfeirmeóirí ó sheachtain go seachtain agus do gheibheadh sé an chuid airgead ó cheann ceann na blíana .Ag gach rinnce do bhíodh pláta leagaithe ar bhórd nó ar chaothaoir ag an doras agus do dhíoladh gach uile dhuine a thagadh isteach,pinginno raol.Is minic do bhíodh ós chionn ceithre púnt bailighthe ag aon rínnce amháin.Dá gcoimeádadh Gearóid bocht leatha an mhéid a thuill se do bheadh se saibhir go leór i ndeire a shaoil ,acht farior ! ní raibh aon bhfann aige ar airgead agus bhí duilaige sa'n ól agus de deascaibh sin do chaith sé deire a laetha i dtig na mbocht in Innisdíomáinait in a bhfuair sé bás in aois a 70 sa bhliain 1910.
    Is ó Liam (bán O Coitir ó Chluainanaha i bparóiste na hInighe a fuarathas an tuairisc seo agus bhí ceoil Ghearóid ar fad a Liam go bhfuair sé bás fiche bliain ó shoin
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Risteárd Mac Risteáird
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Maigh Mhór, Co. an Chláir
    Faisnéiseoir
    Liam Bán Ó Coitir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Cluain an Fhathaigh, Co. an Chláir