Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 059

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 059

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 059
  3. XML “Daoine Cáiliúla na Carraige”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    o'n áit Micheál Doheny treasna na h-abhainn agus tré Conndae Puirtláirge. Do shrois sé Corcac agus as san d'ealaig se go h-Ameirica. Is é a sgríobh an leabhar úd - "The Felons Track".

    Cinnire eile ar na h-Éireannaig Óga do b'eadh Seán Ó Mathghamhna. Bhí a ainm i n-áirde imeasg na bFiníní sa ceanntar so leis. Gaol do Mhuinntir Feehan imbaile an Circín do b'eadh é. (Ballyquirkeen). D'aistrig sé Stair na h-Éirinn in Léitinnig.

    Do bhronn fear darbh ' ainm Galway Clog an Bhaile ar an mbaile. Do chomhnuigh an fear seo sa caisleán i lár na 18adh aoise.

    Rugadh Sean Prionnsias Ó Meachair ar Sráid Chichimh sa bhaile seo. Caith sé téarma fada i bpriosún toisc go raibh bhaint aige leis na Finíní. Cara do Séárlas Cicim agus do Séan Ó Laoghaire do b'eadh é. Scríobh sé stair na Carraige, Annála na Carraige, agus Footprints of the Ormonds. Fuair sé bás i gCarraig sa bliain 1892.

    Do rugadh an t-Athair Micheál Ó h-Iceadha, ollamh re Gaedhilg i Magh Nuadhach, igCarraig Bhigh sa bhliain 1878. B'e an céad Trialtheoir Teagaisc Criostaidhe sa bFairce seo. Sa bliain 1896 cuireadh go Magh Nuadhac é mar oide Gaedhilge. Do mhúscail sé na mich-léighinn an Gaedhealg d'fhoghluim. D'fhág se an Coláiste i 1908 agus chaith sé
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Cáit Ní Shuilleabháin
    Inscne
    Baineann