Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 036

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 036

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 036
  3. XML “An Mainistir ar an gCarraig Bhig”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. An 3adh lá de Mhí Mheitheamh 1336 bhronn Seumas De Builtléir, Iarla Oirmhumhan, an Caisleán agus an Chlochar igCarraig na Siuire ar na manaigh d'órd Naomh Proinnsias. Glacadar sealbh an 29adh lá; An t-Athair Clyn an chéad ceannaire agus b'é an t-Athair Stiophán De Bharra an t-abb.
    Fúair Elionóir Baintighearna Oirmhumhan bás 1363. De réir a h-uadhachta - órd Naoimh Doiminic, na Cairmilítigh agus órd Naoimh Proinnsias in Aonach Oirmhumhan agus i gCarraig na Siuire.
    Sa bhliain 1385 i gcaoi éigin ghlac Rí Sasana sheilbh ar roinnt talmhan a bhronn Seumas, Iarla Oirmhumhan ar na manaigh igCarraig Bhig. Sa bhliain 1447 thóg Eadhuard mach an 3adh Iarla, an chlochar a bhí tuithighthe as a chéile. Cuireadh an mainistear fá chois. An t-Athair Liam Cormaic a bhí i gceannas ag an am. Bhí ag na manaigh Eaglais, mainistear le tig cairte, halla, suaim-lios trí seomraí agus cistin. De réir "Stair Portláirge (Egan) bhí dhá theach deug agus céad agus fiche acra talmhan aca ag an am. Deir an t-Athair De Paor na Stair Portlairge gur glacadh céad is
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. am
      1. tréimhsí staire sonracha (~25)
        1. aimsir na bpéindlíthe (~4,335)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    An Charraig Bheag, Co. Thiobraid Árann