Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)

Suíomh:
Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 067

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0565, Leathanach 067

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Leathanach 067
  3. XML “Mainistir agus Pátrún Mhaothla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Paróiste é Maothal igCo. Puirtláirge tuairim trí míle ó Carraig na Siúire. Bhí mainistear ann comh luath leis an b'adh aois.
    Naomh Brogan a bhunaigh an mainistear agus b'eisean fosta an chéadh abb; Naomh Cuan an chéad abb eile a tháinig ann. Deir daoine gur manaigh d'órd Naoimh Abhaistín a bhí ann agus deir tuille gur manaigh d'órd Cistercian iad.
    Maothal Brogáin a tugtaí ar an áit in allód. Bhí athar mhór fé'n mainistear; tá fothrach na sean eaglaise 'na seasamh fós. Tá dhá fhalla mhór de ag seasamh ináirde. Igceann aca tá áirse atá tuairim 12" ar aoirde mar doras do sheomra bheag chearnoógach. Tá a lán cloch sna fallaí ar a bhfuil samhailtí de rudaí as an Scrioptúir. Sé cinn atá ann-dá cheann ar a bhfuil samhailtí staireamhla, ceithre cinn le dealbh na n-Aspol ortha. Tá an obair ar na clochaibh áit an-gharbh ach an -soléir. Istig sa seomra bheag, áit a cuirteir daoine daoine áirighthe anois tá dhá cheann de's na clochaibh curtha sa bhfalla atá
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Maothail, Co. Phort Láirge