Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Má thuiteann gabhlóg ar an urlár, comhartha í sin go mbeidh bean ag teacht ar cuaird.
Má thuiteann scian fear a bheidh ag teacht.
Ma thuiteann píosa guail de'n teine comhartha é sin go mbeidh cara ag teacht.
Ma gheibheann duine crudh capaill ar an mbóthar, beidh an t-ádh leis.
Má chíonn duine cat dubh beidh an t-ádh leis.
Má chíonn duine capall bán ar maidin deirtear ná bíonn ar t-ádh leis i rith an lae.
Má chítear meaig ar an mbóthar, comhartha bróin é sin. Má chítear dhá mheaig ar an mbóthar, is comhartha áidh é sin. Má chítear trí mheaig, is comhartha pósta.