Scoil: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (uimhir rolla 11872)
- Suíomh:
- Carraig na Siúire, Co. Thiobraid Árann
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Fear breágh áluinn ab eadh Fionn Mac Cumhaill agus bhí cailíní óga na hÉireann go léir i ngrádh leis. Lá dá rabhadar bailighthe i dteannta a chéile in aice Sliabh na mBan dubhairt Fionn leo go bpósfadh sé an cailín aca ba thúisce a bheadh ar bharr an chnuic.Do thosnuigh an rás. Ní túisce a bhíodh cailin aca ag dul cun tosuigh ná go mbeirtí uirthi agus cuirtí siar arís í. Bhíodar mar sin ar feadh i bhfad agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh aca. Bhí cailín amháin ann agus cailín cliste ab eadh í. Ba mhaith le Fionn í do phósadh agus do theasbáin sé comgar di. Agus faid a bhí an chuid eile aca ag breith ar a chéile agus ag tarrac a chéile ag bun an chnuic bhí sise thuas ar a bharr.Do phós Fionn í agus bhí ana-áthas air cailín ciallmhar cliste a bheith aige mar mhnaoi.
- Bailitheoir
- Caitlín Baróid
- Inscne
- Baineann