School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire (roll number 11872)

Location:
Carrick-on-Suir, Co. Tipperary
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0565, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Convent of Mercy, Carraig na Siúire
  2. XML Page 033
  3. XML “Sliabh na mBan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Fear breágh áluinn ab eadh Fionn Mac Cumhaill agus bhí cailíní óga na hÉireann go léir i ngrádh leis. Lá dá rabhadar bailighthe i dteannta a chéile in aice Sliabh na mBan dubhairt Fionn leo go bpósfadh sé an cailín aca ba thúisce a bheadh ar bharr an chnuic.
    Do thosnuigh an rás. Ní túisce a bhíodh cailin aca ag dul cun tosuigh ná go mbeirtí uirthi agus cuirtí siar arís í. Bhíodar mar sin ar feadh i bhfad agus gan aon dul chun cinn á dhéanamh aca. Bhí cailín amháin ann agus cailín cliste ab eadh í. Ba mhaith le Fionn í do phósadh agus do theasbáin sé comgar di. Agus faid a bhí an chuid eile aca ag breith ar a chéile agus ag tarrac a chéile ag bun an chnuic bhí sise thuas ar a bharr.
    Do phós Fionn í agus bhí ana-áthas air cailín ciallmhar cliste a bheith aige mar mhnaoi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Language
    Irish
    Collector
    Caitlín Baróid
    Gender
    Female