Scoil: Broadford, Ráthluirc

Suíomh:
Béal an Átha, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Siobhán Nic Phiarais
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0491, Leathanach 002

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0491, Leathanach 002

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Broadford, Ráthluirc
  2. XML Leathanach 002
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Sé ainm na háite seo anois na Béal-an-Áis

    'Sé ainm na h-áite seo anois ná Béal-an-Átha ach fadó sé an ainm a bhí air ná Cill-Achadh-Uí-Liatháin. Tá an sráid seo suaidhte ag bun chnuic ar a dtugtar Cnoc na gCarn ar an mbóthar idir Mainistir na Féile agus Ráth-Luirc.
    Ar an dtaobh thiar tá sruthán beag agus áth leathan air. Fadó bhí a lán tígh mór-thimcheall an Atha agus sin é an fáth gur tugadh Béal-an-Átha ar an áit. An sráid ar a dtugtar Béal-an-Átha air anois tá sí cúpla céád slat ó'n áth.

    Sean-ainm - Cill Achadh-Uí-Liatháin
    Bean cráibhtheach a chómhnuig annso fadó - ba toil léi teampall chun Dé do cur ar bun annso. Chuir sí suas paidir chun Dé, comhartha éigin do chuir chuíchi an áit ab' oireamhnaidhe do'n teampall agus cé go raibh tosach an t-Samhraidh ann, thuit cioth sneachtaigh ins an oidhche. Chlúdaigh an sneachta gach uile áit acht amháin an paircín bheag so. Ba le muintir Uí Líatháin an talamh in-ar tógadh an Cill no teampall. Is mar sin a tháinig an ainm.
    Is ann a théighidís na daoine chun Aifrinn fadó. Bhí sagart 'na chómhnuidhe ann, deirtear. Tá sé 'na fhothrach anois acht tá na fálaí go tréan
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. deasghnátha aistrithe saoil (~573)
    2. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. séadchomharthaí (~6,794)
    Teanga
    Gaeilge