Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta

Suíomh:
An Sciobairín, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mícheál Ó Cuileannáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 149

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0398, Leathanach 149

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoileanna i gCraoibh an Sciobairín de Chumann na Múinteoirí Náisiúnta
  2. XML Leathanach 149
  3. XML “Scéilíní i dTaobh Chnoic Chamtha agus Locha Adhain”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    ag iascairíbh air. Siar ó dheas ó Ghleann Uí PHUINN / Finn tá bár lóghaig. Ar chiumhais thiar an locha tá Cúm a' Bharóídig. An ghéag uisce atá ag rith ón loch fé dhéin bhárr lóghaig "An Góilín" a tugtar air. Tá an Gleann agus Cumar le hais an locha i gCúm a' Bharóídig.
    Chomhnuigheadh muintir Bhaile Uachtaraig i ndá shraidín. Na Barracks uachtaracha agus na B. ioctaracha atá fós ortha. Tá bealach ann ar a nglaodhtar Bóthar na mBarracks fós.
    Tá amhrán ag tagairt do Loch Adhain. Bfheidir go gcuirfinn ináit éigin sa leabhar so é. (M Ó'C)
    Céím na Mart - ainm an bhelaig tar an ngob cnuic. Ceanglan an Céím, bóthar na Péínteach leis an mbóthar ar chuimhais an locha M Ó'C)

    Sean nósa. (Seán Ó Coileáin airís)
    1) Bhí plannda beag ag fás imeasc an aitinn fadó, agus tá fós leis is dócha - Aiteann Muire. Bhíodh daoine ghá chuardach idtreo go mbeadh sé acu. Domhnach na Failme (An é Dréimire Muire é M Ó'C)
    2) Caogad bliain ó shoin nuair ná bíodh a lán uaireadóirí ná cluig ag muintir na Tuaithe, bhíodar ana eolgaireach ar an dTréidín. (Tréighdín = braisle réalt sa spéir. Pleiades ).
    3) San am gcéadna bhíodh gearrthóir acu cun aitinn do bhrughadh don chapall. Sórd ráine dob eadh an gearrthóir agus cruaidh ar a a bhéal agus faobhar maith air. Bíodh bosca rotha ar an sámhthaig chun meaghchaint do chur leis an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teangacha
    Gaeilge
    Béarla
    Suíomh
    An Tulach, Co. Chorcaí
    Bailitheoir
    Seán Ó Coileáin
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    An Chraobhach, Co. Chorcaí