Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 337

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 337

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 337
  3. XML “Piseoga”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Timcheall na h-áíte seó creideann cuid des na daoine gur féídir le daoine áirithe piseóga do dheanamh tré chomhacht an diobhail. An duine a bheadh ag deanamh na bpiseóg chaithfeadh sé dul go dtí feirm a chómharsan agus braon bainne do thógainnt ó gac buin. Bíonn alán uachtair ag an duine a deineann na piseóga agus ní bhíonn aon uachtar ag an duine gur leis na bá. Deirtear gurab íad ná sean-mná is mó a dheineadh na piseóga agus deirtear go bhféudfadh cuid díobh girrfiadh do dheanamh diobh féín.
    Seo scéal a fuaireas óm' mhathair. Breis is cead blian o shoin do bí fear in a chomnaidhe sa Ghráinseach agus bhíodh sé ag deanamh píseóg. An cead lá dé mhí Bealtaine gac blian bhíodh sé ghá ndeanamh. An bhlian seó do chuaidh sé amach ag deanamh na bpiseóg. Do chuaidh sé go dtí páirc a chómharsan agus do thóg sé braon bainne ó gach buin. An seactmhain 'na dhiaidh sin ní raibh aon bhainne ag a chómharsain. Bé ainm a ar a chómharsan ná Mac Uí Iubhard. D'innis Mac Úi Iubhard an scéal do'n Sagart Paróiste. Dubhairt an sagart leis go léighfadh sé Aifreann in a thigh maidin áirithe. Nuair a tháínigh an sagart bhí an tigh go deas glan agus do bhí gac rud ullamh dó. Sar ar thosnuigh sé an tAifreann dubhairt an sagart go dtiocfadh an duine a bhí a deanamh na bpiseóg isteac san gclós nuair a bhead an Aifreann ar siubhal. Nuair a bhiodar
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. lucht feasa (~116)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Lombárd
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Caisleán na Bláthaí, Co. Chorcaí