Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá áit ar an dtaobh thoir theas de'n sráid bhaile, agus sé an ainm atá ar ná Gleann an Ghadaighe. Tá sé ar an mbothar go dtí Cill-an-Mhuilinn, agus tá chasadh mór ann. Tá chnoc dainséarach in aice an ghleanna. Ta an gleann anois fé chrannaibh. Tá sruth deas ag snighe tríd an ghleann.Deirtear go raibh gadaighe ann fadó agus bíodh sé ag goid oir, airgid, agus rudaí luacmhara o's na daoine mór thimcheall. Nuair a bhí a lán dé aige chuir sé isteac i bpróca mór é agus chuir sé é i bhfolach fe'n dtalamh agus léipréachán ag tabhairt aire dó. Sa deire rug saighdúirí Sasana air, cuireadh i bpríosúin i gCorcaigh é, do dtrialladh é, agus cuireadh chun bháis é. Sar ar crocadh é d'innis sé an scéal do fhear eile a bhí san bpriosún. Nuair a tháinig an fear amach d'innis sé an scéal do bhéirt fhear eile in aice na h-áite agus do chuadar ar lorg an óir. B'iad ainmneacha na beirte sin Parthalan Mathgamhna agus "Duine Uasal" Lubhard. Tá a múinntear na gcómhnaidhe san áit fós. Rugadar ar an leipreachán, agus dubhairt sé leo go dtasbaínfeadh sé an áit in a raibh an t-ór dóibh ach go bhfuigheadh duine acú bás nuair a gheóbhaidís an t-ór. Annsan do bhí eagla ortha cuardigh i gcomhair an óir mar ní raibh fhios acú cioca duine a geobhadh bás. Tá an t-ór ann fós agus an leipreachán ag tabhairt aire dó.Liam Ó Lombárd
Baile-Átha-h-Ubhla Theas
Fuaireas an scéal seo ó mo uncail Séan Lubhard a(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Liam Ó Lombárd
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 16
- Seoladh
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Lombárd
- Gaol
- Duine gaolta (nach tuismitheoir ná seantuismitheoir)
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí