Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)

Suíomh:
Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Dáithí Ó Murchadha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 344

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 344

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha Hubhla (B.)
  2. XML Leathanach 344
  3. XML “Páirc na mBláth - Bloomfield”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an ainm atá ar an áit in a bhfuil mé im chomhnaidhe ná Páirc-na-mBláth. 'Sé an brigh atá leis an bfocail Páirc-na-mBláth na a pháirc in a raibh a lán bláthanna ag fás. Tá sé suidh-te ar an dtaobh theas de'n mbaile mbeag, in aice na hAbhainn Mhóire.
    Tá cúig tighthe móra insan áit. Tá cúigear nó seisear duine na gcómhnaidhe ins gach dtigh. Tighthe ceann slinne iseadh na tighthe go léir. Timcheall dó deag bliadhna ó shoin do tógadh uachtarlann in aice an t-srutha beag atá ag snidhe trídh an ghleann. Tá muilleann adhmaidh suidhte in aice an t-srutha. Deirtear go ndeintí líon eadaigh ann fad-ó. Do bhí triocadh nó ceathracha duine ag obair insan muilleann an t-am san.
    Fadó do bhí sráid bheag in aice na h-áite in a bhfuil an muilleann anois. Tá rian de's na tighthe le feiscint ann fós. Do bhí seipéal ann agus deirtear gur marbhuigheadh fear ann agus níor léigheadh Aifreann ann óshóin. Tighthe ceann tuighe do beadh na tighthe go léir, agus do bhí an cuid ba mhó de's na fír ag obair san muilleann. Deirtear gur chuaidh an cuid bá mhó de's na daoine go dtí America in aimsear an Ghórta. Níl aon rian de's tighe ann anois, ach tá na fallaí in seasamh ann fós.
    Timhcheall nóchadh bliadhna ó sóin do deineadh bothar ó Phairc-na-mBlath go dtí Corchaig. Tugtar an Líne
    (Tuistiún sa ló a bhí ag gac fear)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Liam Ó Lombárd
    Inscne
    Fireann
    Aois
    12
    Seoladh
    Caisleán na Bláthaí, Co. Chorcaí