Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear ann fadó d'ár b'ainm do Mach Uí Maghtamhna in a chomhnaidhe i mBaile na gCág. Do bhí taidhreamh aige trí oidhche na dhiaidh a chéile go raibh ór i lios i gcuinne páirce agus sé an ainm athá ar na bpáirc ná páirc an leath cheann muice.
Isé an fáth a fuair an pháirc an ainm seo mar tá dearamh leath cheann muice uirthi. Is le Mac Uí Cuain í. An oidhche áirithe seo do fuair sé beirt cómharsain cun dul in aonfacht leis agus bheith taobh amuigh dá gheata ar a leath h-uair tar éis a h-aon deag san oidhche. Dubhairt sé leo sluaistí, ráinní, priocóidí, coileach, uisce coisruighthe, agus scian coise duibhe do tabart leó Cuadar an oidhche sin do dtí an lios i gan fhios do aoinne acht d'airigh bean go rabhadar ag dul i gcomhar óir. Sé an t-ainm a bhí uirthi ná Inghean Ní Mhaolcatha, gaol do beadh í do Mhach Uí Maghthamhna. Do chuaidh sí go dtí an lios in na haonair agus do shrois sí an áit in a raibh siad ag romhar. D'fiafruigheadar dhi cá raibh sí ag dul agus dubairt sí chun an coilig d'iompar. Dubhaireadar dá mba rud é go bhfaighidís an t-ór dheanfhaidís é do roinnt eadtora. Bhiodar ag rómhar san áit go dtí gur bhuaileadar rud éigin cruaidh. Do glaoidhaidh an coileach, tháinig tarbh agus é ag búirt agus a slabhraí ag cnagarnaigh. Annsan do dheineadar trí faínní mór timcheall na háite le uisce coisruighthe act ní raibh aon mhaitheas dóibh ann. Thógadar amac an scian coise duibhe mar deirtear go bhfuil buadh éigin i scian coise dubhe cun na sprideanna olca do smactú. Ní raibh aon mhaitheas ins an uisce beannuighthe mar ní raibh a ndóithin de acu. Annsan do dúnadar isteach an áit agus do theitheadar ón áit agus tá an t-ór(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán Ó Drisceoil
- Aois
- 14
- Faisnéiseoir
- Parthalán Ó Mathghamhna
- Inscne
- Fireann