Scoil: Béal Átha Hubhla (B.) (uimhir rolla 3997)
- Suíomh:
- Baile Átha hÚlla, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Dáithí Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tóraidhthe Sagart (Grimes) Grahame
Breis is cead blian o shóín do bhí clann na gcómhnaidhe i mBaile Mhic Labhráís insan dtigh in a bhfuil Liam De Róíste na chómhaidhe anois agus sé an ainm a bhí ortha ná na Gruamaigh (Grimes). Gach lá bhídís ag lorg sagart mar gheóbhaidis cuíg púint ó rioghaltas Shasana ar ceann sagairt amr do bhí Phéín-Dlighthe i gcoinnibh na gCataoiliceach an t-am san.Lá amháin fuaireadar amac go raibh sagart ag fuireach i dtigh i gCill-Atha. Do bhí amadán ag obair dóibh agus d'airigh sé íad ag socrú cun dul anonn go dtí an tigh. Do bhí tuille ins an abhainn agus níor bh'féidir leó dul an t-aith-ghiorra greasna gó dtí an taobh eile. B'éigin dóibh dul timcheall go tí an droicheád i Mainistir Fhear Muighe. Nuair do bhí síad imthighthe do fuair an t-amadán coileár capaill agus do chuaidh sé sios go dtí an abha. Do leag sé sios an coileár ar an uisce, do shuidh sé in áirde air, agus do chuaidh sé treasna gan ciothrainn. Nuair do bhí sé ag dul treasna dubhairt sé "A Abha Mhóír, A Abha Mhóír na baghadh amadán Peadar." Nuair a shrois sé an dtaobh eile rith sé suas go dtí an tig agus do thug sé an rabhadh don sagart. D'eirigh an sagart agus chuaidh sé an bothar i gcoinnibh na Gruamaich. Do chonnaic an dríothair b'óige é, ach ní dubhairt sé dada, mar do baisteadh é nuair do bhí sé óg. Nuair a shroiseadar an tigh bhíodhar ag cuairdigh ach tar éis tamaill dubhaireadar go raibh "an nead te ach go raibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Muiris de Barra
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14
- Seoladh
- Cill Aichidh, Co. Chorcaí