Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)

Suíomh:
Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Pádraig Ó Luineacháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 091

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0372, Leathanach 091

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.)
  2. XML Leathanach 091
  3. XML “Crann na hOla”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear in a chómhnuidhe i gClaonar in aice Crann na h-Ola, agus níor theastuigh uaidh in aon chor an Patrún chun an tobair. Dubhairt sé le duine éigin ná beadh se ann a thuille. Chuaidh an Ráfla amach agus nuair tháinig an lá níor chuaidh ach fear amháin go dtí an tobar.
    Nuair chuaidh sé laistigh de n gheata a bhí in aice leis tháinigh cailín caol árd suas leis agus do lean sí é go dtí an tobar. Nuair do shroiseadar é, do chrom an cailín síos agus thóg sí braon uisce láithreach bonn baill. Do thriomuigh an tobar. As go bráth leis an gcailín annsan agus an braon uisce 'na láimh aici, agus nuair a tháinig sí chómh fada le h-Átha na Cise do chaith sí an braon beag ar an dtalamh, agus d'éirigh an Tobar ann annsan.
    D'airigh an fear a bhí i gcoinnibh an patruín an sgéal, agus tháinig eagla air, dubhairt sé go gcaithfeadh sé séipéal do thógaint ann, mar b'é féin a bhí bun leis an dtriobloíd.
    Deirtear gur b'é sin an chúis gur cúireadh Seípéal Átha na Cise in[?] áit in a bhfuil sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge