Scoil: Baile Caisleáin an Róistigh (B.) (uimhir rolla 14107)
- Suíomh:
- Baile Chaisleáin an Róistigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Pádraig Ó Luineacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Claonar nó Claon-úrTá Claonar suidhthe ceithre mhíle soir ó Mhaghalla, ar an mbóthar díreach go Baile Mhisteála. Áit bheag tuatha is eadh í.Bhí prionnsa in a chómhnuidhe ann ag a raibh inghean d'árbh ainm dí Creábhnait. Bhí sé fé mhóid gan pósadh coídhche. Bhí prionnsa na Mumhan in a chómhnuide ann le na linn sin, agus ba mhaith leis Creábhnait do phósadh ar ais nó ar éigin. Chuir an fear san cuid dá shaighdiúirí ar a tóir. D'arigh sí go raibh na saighdiúirí ag teacht fé na déin. Thuig sí gurbh é a maiseamhlacht ba bhun len a dteacht. Teith sí go dtí Caisleán a h-athar agus ar a slighe ó thuaidh dí, do scath sí amach súil léi, agus do chaith sí í ar an dtalamh. D'fás crann fuinnsóige san áit 'nar thuit an t-súil. Crann na h-Ola a tugtar ar an gcrann san.
Tá tobar in aice leis an gcrann agus do bhíodh turus agus patrún chun an tobair fadó ar an 9adh lá de Mhárta.Tá séípéal Áth na Cise fé choímirce Creábhnait, agus séipéal Chill a' Mhuilinn fé choímirce Niochlaís. Dearbhráthair de Chreábhnait a b'eadh Nioclás.