Scoil: Gleannóg, Malla (uimhir rolla 9448)

Suíomh:
An Ghleannóg, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Mrs K. Barrow
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0363, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0363, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleannóg, Malla
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    na mhach a chuaidh fé dhein na caorach Tharraing sé amach an máilín cnó, agus chrom sé ar íad d'ithe ar a shuaimhneas. Cé thiocfhadh air, ach Peadair, agus an chailleach ar a mhuin aige. Thabharfhadh Peadair an leabhar, gurabh é an buachaill marbh a bhí ag ithe na gcnó. Cheap an t-seana-bhitheamhnach gurabh é a mhach a bhí chuige agus caora breag ramhar aige. "An bfuil sí agat" ar seisean ag síneadh amach a láimhe chun beirthe uirthe Ní túisge a labhair sé ná tháinig crith-eagla ar Peadair. Chaith sé an chailleach dá dhruim agus so chun siúbhal é comh mear as d'fheadfadh sé é Chuaidh sé abhaile agus bhí an chailleach isteach lé na fáil, mar "Nuair is chruaidh ar an gcaillig é chaitheann sí rith
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1791: The Sexton Carries the Parson
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Mrs K. Barrow
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Denis Lynch
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí