Scoil: Gleannóg, Malla (uimhir rolla 9448)
- Suíomh:
- An Ghleannóg, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Mrs K. Barrow
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleannóg, Malla
- XML Leathanach 087
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Morán blianta ó shoin in-aimsir Rígh Sheóírse bhí saighdiúir Gaedhealac in-arm Shasana. Bhí saoghal ana-shuarach aige mar béigean dó bheith ag fulaing gach aon saghas úsáide agus droch chor agus droch-úrraim. Maidin áirithe bhí na saighdiúirí go léir amuich ag gleachuigeacht. Tháinig an captaen chúcha. Bhí fhios aca go raibh droch-fhuadar éigin fé. Dubhairt sé leó go raibh órdú fachta aige ó'n rí gan ach leath bídh a thabhairt dóibh feasta.
Chuir an droch-sgéal san neamh fonn ar na saighdiúirí bochta go leír. Cheap an saighdiúir ar a bhfuilim ag trácht ná raibh aon Ghaoluinn ag an gcaptaén agus leóg sé easgaine ar an Rí mar seo:
"Paidir sa ló chun Athair na gCómhacht
Athradh Seoírse igcoróinn do theacht"
Tharla go raibh Gaoluinn maith ag an gcaptaen agus thuig sé an chainnt. D'fiafruig sé d'on shaighdhiúir cad a bhí ar siúbhal aige. Dubhairt seisean leis gur ag moladh an Rí(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mrs K. Barrow
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Denis Lynch
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Mhic Íre, Co. Chorcaí