Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)

Suíomh:
Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Martias Ó Luasaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 213

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 213

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
  2. XML Leathanach 213
  3. XML “Ó Donnchadha an Ghleanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair Ó Donnchadha an Gleanna tuairisig go bfaghad an duine a déanfhadh na geasanna cúiste ingean an rígh le pósadh agus an ríogacht go léir. Dúbairt sé le na bhúachaill lá teacht n-a theannta agus go ragaidís fé dhéin na mná.
    Do thógadar leó dha chapall ialaite.
    Comáineadar leó agus ní raibh ag Ó Donnchadha ach trí leath-sobarain. Bhíodar ag tomaínt leo go dtí dul faoi na greíne. Ag suibhal an bhóthair doíbh connacadar cómhthalán ar ínse taóbh istig de'n bhóthar. Ceangaladar na capaill ar tháobh an bhóthair agus chuádar isteach go dtí an rínnce. Ní rabhadar i bfad istig núair a táinig bean óg agus d'íarr sí Ó Donnchadh an Gleanna cun rínnce. Do rinnceadar babhais agus núair a stadadar tug sé leath-shobaran don mnaoí óig cun é thabhairt don bheidleadóir. Bé an nós a bhí ann san am san ná go ndíolfhad na fir an bheidhleadóir.
    Do shuidheadar annsan ar fead sealad. D'eirig an cailín céadna airís agus d'íarr sí Ó Donnchadh an Gleanna cun rinnce an tarna h-úair. Do rínnceadar babhais agus núair a stopadar thug O Donncadh leath-shobharan eile do'n mnaoí chun é thabhairt don bheidhleadóir. Do stad an ceol agus an rinnce annsan mar bhí an doircheacht tagaithe.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0513: The Extraordinary Companions
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Diarmuid Ó Céilleachair
    Inscne
    Fireann