Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.)
- XML Leathanach 200
- XML “Ainmneacha”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)an dá mhathair ag suidhe anáírde ar an gclaidhe ag feachaint ortha. Bhí gac duine acu ag maoidheamh as a gclann féin. Chuireadar ag comarascáíl iad. As an iomarascáil tháinig na dóirne. Do buaidh taobh ar an dtaobh eile. Nuair a tháinig na h-athaireaca abhaile bhí sé na cogadh dearg rómpa. Bhailig gac duine a muinntear féin. Do gaibh an dá dhream ar a céile tréis an Aifrinn Dé Domhnaig. Do lean na bruigheanna as san amach. Tóg muinntir eile na paróiste páirt le taobh no taobh eile. Tareis gábháil ar a céíle Dómnach Cíncíse no lá éigin eile, do théighead an dá taobh ag dteannta a ceile ag ól. Do cabhruighidís le céile i gcoinnibh daoine iasacta. Bhí bruigheann mhor acu tráth. Cuireadh a lán díobh isteach sa príosún. Tháinig an "Lord Lieutenant" go Corcaig. Bhí Ó Donncadha an Gleanna m.p. tréis fabhar a deanamh dos na Loinsig agus do scaoileadh amach iad. Nuair a fuaireadar ná raibh muinntir Thuama le scaoileadh amach leó ní raghaidís amac. Scaoileadh Muinntear Thuama amach annsan. Bhí an dá dhream ag pógadh a céile go dtí gur shroiseadar Mághcromtha. D'oladar annsan agus do gabhadar ar a céíle in ainm an diabhail airís.
- Faisnéiseoir
- Prionsias Ó Ceallaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí