Scoil: Baile Uí Bhuaig (B.) (uimhir rolla 14816)
- Suíomh:
- Baile Uí Bhuaigh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Martias Ó Luasaigh
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 194](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0337%2FCBES_0337_194.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0337, Leathanach 194
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Is mó sean-cheard usáideach atá imthigthe as an sáoghal anois, agus is mór an trúagh san. Beagán blíanta o shin ní théigheadh na daoine cómh minic go dtí an siopa is a táid síad ag dul ann anois.Bíodh cáoire ag mór-cuid des na daoinibh. Deineadh bean a' tíghe an olann a cárdáil is a shníomh cur i gcás go mbeadh ámhras aici úair sa mblíadhain. Bíodh cuid de seo na phlainin agus tuille de na bhréid. Is minic a cuireadh si dath gorm ná dearg ar an olainn báin cun bréid leith-gorm a dhéanamh. Cuirtí cuid de'n phlainin go dtí tig a' datha. Taghadh an tailiúr isteac sa tig cun éadach a deanam de'n líon-tíghe (?) as an ámhras.Bíodh tigthe cínn-túighe as a lán daoinibh agus cuiridís seo pairc cruinneacht gach blíadhain mar teastúigheac cupla báth dín (?) on dtig gac blíádhain cun é coiméádh ó bráon anúas. Fear cliste (?) a cuireadh súas an díon so agus is ar a bhíodh túige na cruinneacta le fághail.Nuair a marbhúigdís mart deineadh (?) bean-a 'tíghe coinnle na blíadhna as an ngeir. Is ámhlaidh a leigeadh sí an ghéir, agus cuireadh sí ceann an mhúnla isteach i bfód móna tarrainge fada(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Liam Ó Duinneacha
- Inscne
- Fireann